Conas iarratas cumais a dhéanamh

Conas iarratas cumais a dhéanamh

Éisteann an Chúirt Chuarda le hiarratais nuair a bhíonn ceist ann faoi chumas cinnteoireachta duine.

Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte, ba cheart duit a sheiceáil nach bhfuil aon roghanna eile ann nach bhfuil chomh hionsáiteach agus a d'fhéadfaí a ghlacadh.

Ní mór duit a chinntiú freisin:

Iarratais cumais nuair is gá duit dul chuig an Ard-Chúirt

Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda in ábhair cumais ach amháin na hábhair seo a leanas atá forchoimeádta don Ard-Chúirt:

  • cinntí maidir le deonú orgán i gcás nach bhfuil cumas ag an deontóir
  • iarratais ar chóireáil chothaitheach saoil a tharraingt siar ó dhuine nach bhfuil cumas acu.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Príomh-Oifig na hArd-Chúirte le haghaidh ceisteanna maidir le cúrsaí na hArd-Chúirte.

Líon isteach na foirmeacha ábhartha

Ag brath ar an gcineál iarratais is gá duit a dhéanamh, tá foirmeacha éagsúla ann don phróiseas Cinnteoireachta Cuidithe. Faigh na foirmeacha go léir anseo. 

Treoracha chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an bpróiseas iarratais cumais

Tá sraith treoracha forbartha againn chun cabhrú leat tríd an bpróiseas iarratais cumais. Tá siad ar fáil le híoslódáil (i bhformáid PDF inphriontáilte) thíos.

 

Treoir 1: Sula ndéanann tú iarratas cumais cabhróidh sé leat cinneadh a dhéanamh an é seo an rogha ceart don Duine Ábhartha.

Treoir 2: Trí d'fhoirmeacha iarratais cumais a chomhlánú tugtar eolas duit chun cabhrú leat d'iarratas cumais agus d'fhoirmeacha Ráitis Sonraí a líonadh isteach.

Treoir 3: Tar éis duit d’iarratais cumais a chomhlánú tugtar eolas duit faoi na rudaí nach mór duit a dhéanamh nuair a bheidh d'fhoirmeacha comhlánaithe agat.