An chaoi a bhforfheidhmítear éilimh bheaga

Ba chóir go mbeadh a fhios agat

Mura bhfuil na sonraí cearta agat don fhreagróir a bhfuil tú ag éileamh ina choinne, d'fhéadfadh sé nach gcuirfí d'éileamh i bhfeidhm.

D'Fhoraithne éilimh bheaga

Is éard is Foraithne éilimh bheaga ann ná ordú ina luaitear an méid atá dlite duit ag an bhfreagróir.

Eisíonn an cláraitheoir éilimh bheaga chugat é mura bhfuil íocaíocht déanta ag an bhfreagróir tar éis Fógra Íocaíochta a fháil. Beidh litir Deireadh Éilimh Bheaga ag d'Fhoraithne Éilimh Bheaga leis, cuirfidh sé seo comhairle ort maidir leis na chéad chéimeanna eile.

Is é seo deireadh ról oifig na cúirte i do chás.

Éileamh beag a fhorfheidhmiú

Is é forfheidhmiú éilimh bhig an modh dlíthiúil chun an méid atá dlite duit a aisghabháil ón bhfreagróir.

Is oifig í Oifig an tSirriam a bhfuil an t-údarás aici an Fhoraithne a fhorfheidhmiú ar do shon. Déanann siad é seo trí earraí a urghabháil go luach an éilimh, nó trí phlean aisíocaíochta a éascú idir tú féin agus an freagróir.

Nós imeachta um fhorfheidhmiú éileamh beag

Chun tús a chur le forfheidhmiú Foraithne trí Oifig an Sirriam, ní mór duit an chóip bhunaidh de d'Fhoraithne a chur faoi bhráid Oifig an Sirriam. Tá táille a bhaineann leis seo (féach thíos). Téigh i dteagmháil le d'oifig chúirte áitiúil le haghaidh sonraí na hOifige Sirriam ábhartha a mbeidh ort freastal uirthi.

Tá Oifigí Sirriam tiomnaithe i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach i gcontaetha eile tá siad lonnaithe laistigh d'oifigí cúirte áirithe.

Nuair a chuireann tú an chóip bhunaidh de d’Fhoraithne isteach, déanfaidh an sirriam nó teachtaire cúirte atá ag gníomhú thar ceann an tsirriam teagmháil leis an bhfreagróir trí litir rabhaidh. Tá sé seo chun an freagróir a chur ar an eolas go bhfuil an sirriam nó an teachtaire cúirte ag dul chun cuairt a thabhairt orthu ag a seoladh.

Ar chuairt a thabhairt ar an bhfreagróir, beidh an sirriam in ann a mheas an bhfuil earraí le hurghabháil, nó an féidir plean aisíocaíochta a éascú idir tú féin agus an freagróir. Mura bhfuil aon earraí le hurghabháil, nó mura bhfuil aon chumas ann an t-éileamh a aisíoc, cuirfidh an sirriam é sin in iúl duit.

Táillí Oifig an tSirriam

Féadfaidh tú táillí sirriam a íoc ag an oifig chúirte ábhartha (nó i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, ag Oifig na Sirriam). Is féidir leat na táillí seo a íoc le hairgead tirim, le cárta nó le seic.

Nóta: Féach do do thoil I.R. Uimh. 644/2005 - Ordú um Tháillí agus Costais Sirriam, 2005 le haghaidh sonraí ar gach táille/costas Sirriam.

Cuid de