Táillí Uaschúirteanna: Cuid 3

Cuid 3 - Táillí iníoctha in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc

Féach thíos le haghaidh táillí na Cúirte Achomhairc.

1. Ar chomhdú

  • (i) Iarratas ar chead achomhairc
  • (ii) Fógra i dtaobh achomharc brostaithe
  • (iii) Fógra achomhairc (lena n-áirítear fógra achomhairc lena mbaineann Riail 19 d'Ordú 86A de Rialacha na nUaschúirteanna)

Ar choinníoll, i gcás táille a bheith íoctha i leith iarratais ar chead achomhairc agus an cead sin a bheith deonaithe, nach mbeidh aon táille iníoctha ar fhógra achomhairc bhrostaithe nó fógra achomhairc i leith an achomhairc sin a chomhdú.

Táille: €250.00

Doiciméad atá le stampáil: An fógra

2. Ar fhógra a chomhdú go bhfuil sé ar intinn iarratas ex parte idirbhreitheach a dhéanamh

Táille: €60.00

Doiciméad atá le stampáil: An fógra

3. Ar fhógra freagróra a chomhdú

Táille: €60.00

Doiciméad atá le stampáil: An fógra

4. Ar chás sonraithe a chomhdú nó a thaisceadh

Táille: €70.00

Doiciméad atá le stampáil: An cás sonraithe

5. Ar fhógra foriarratais a chomhdú chuig an gCúirt Achomhairc

Táille: €60.00

Doiciméad atá le stampáil: An fógra

6. Ar mhionnscríbhinn a chomhdú

Táille: €20.00

Doiciméad atá le stampáil: An mhionnscríbhinn

7. (a) Chun cóip chlóite de dhoiciméad a eisiúint ar chomhad cúirte

Cé acu fianaithe nó pléineáilte, seachas cóip de bhreithiúnas

Táille: €15.00

Doiciméad atá le stampáil: An chóip den doiciméad nó den chárta táille cúirte

7. (b) Ar chóip fhianaithe de thras-scríbhinn achomhairc choiriúil a dhéanamh

Táille: €0.80 in aghaidh an leathanaigh

Doiciméad atá le stampáil: An chóip den doiciméad nó den chárta táille cúirte

8. Chun cóip de bhreithiúnas a thabhairt

Táille: €14.00 móide €1.00 breise i leith gach 4 leathanach fótachóipeáilte

Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe nó an cárta táille cúirte

Cuid de

Eolas eagraíochta