Táillí iníoctha in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí
Féach na táillí do dhoiciméid thíos.
1. Ar iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh ar fhógra achomhairc chuig an gCúirt Uachtarach a chomhdú
(seachas achomharc faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre 1934 go 1955)
Táille: €250.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
2. Ar fhógra foriarratais a chomhdú
Táille: €60.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
3. Ar mhionnscríbhinn a chomhdú
Táille: €20.00
Doiciméad atá le stampáil: An mhionnscríbhinn
4. (a) Ar fhógra nó doiciméad eile a thaisceadh lena seirbheáil
Táille: €6.50
Doiciméad atá le stampáil: An fógra nó doiciméad eile
4. (b) Ina theannta sin, in aghaidh gach cóipe a bheidh le tarchur
Táille: €1.00 (ach ní níos mó, i gcás aon líon cóipeanna, ná €90.00)
Doiciméad atá le stampáil: An chóip
5. Ar achainí nó ar iarratas ar cheapachán mar Nótaire Poiblí nó mar Choimisinéir Mionnaí
Táille: €85.00
Doiciméad atá le stampáil: An achainí nó an t-iarratas
6. Ar choimisiún lena gceaptar Nótaire Poiblí nó Coimisinéir Mionnaí
Táille: €330.00
Doiciméad atá le stampáil: An Coimisiún