Táillí na Cúirte Cuarda

Clár Ábhair


Cuid 1 - Ginearálta

  • Ar gach mionnscríbhinn a comhdaíodh
    Táille: €15.00
    Doiciméad atá le stampáil: An mhionnscríbhinn
  • Ar gach cóip d'aon doiciméad
    Táille: €15.00
    Doiciméad atá le stampáil: An chóip nó an cárta táille cúirte
  • Ar gach cuardach
    Táille: €15.00
    Doiciméad atá le stampáil: Cárta táille cúirte
  • Ar gach stampáil ar dhoiciméad neamhstampáilte a thugtar i bhfianaise
    Táille: €55.00
    Doiciméad atá le stampáil: An foréileamh ar stampáil
  • Ar gach iarratas tionscnaimh chun na cúirte ex parte, iarratas eile chun na cúirte nach bhforáiltear dó go sonrach ar shlí eile, nó fógra foriarratais tionscnaimh
    Táille: €130.00
    Doiciméad atá le stampáil: An t-iarratas
  • Ar gach deimhniú nach bhforáiltear a mhalairt le haghaidh
    Táille: €15.00
    Doiciméad atá le stampáil: Cárta táille cúirte
  • Ar thoghairm chun cáin a ghearradh
    Táille: €70.00
    Doiciméad atá le stampáil: An toghairm
  • Maidir le cáin a ghearradh ar bhille costas (ar gach €100 iomlán sa mhéid a cheadaítear, lena n-áirítear costais finnéithe agus costais eile agus CBL)
    Táille: €8.00
    Doiciméad atá le stampáil: An bille bunaidh nó an cárta táille cúirte
  • Ar dheimhniú Cánachais a eisiúint:
    Táille: €70.00
    Doiciméad atá le stampáil: An deimhniú nó an cárta táille cúirte
  • Ar gach iarratas ar fhormhuiniú ar dheimhniú chun morgáiste breithiúnais a chlárú san Údarás um Chlárúcháin Maoine
    Táille: €20.00
    Doiciméad atá le stampáil: An deimhniú

Cuid 2 - Imeachtaí áirithe faoi Rialacha na Cúirte Cuarda

  • 1. Ar gach bille sibhialta (gan billí sibhialta i leith imeachtaí Dlí Teaghlaigh a áireamh) a eisiúint, toghairm, achainí nó fógra tionscnaimh iarratais chun na cúirte nó chun an Chláraitheora Contae nach bhforáiltear a mhalairt san Ordú seo agus ar gach fógra achomhairc seachas achomhairc ón gCúirt Dúiche
    Táille: €130.00
    Doiciméad : An doiciméad tionscnaimh
  • 2. Ar gach bille sibhialta a eisiúint—
    • (i) éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe nach mó ná €45,000.00 ar dháta eisiúna an bhille shibhialta
      Táille: €90.00
      Doiciméad : An doiciméad tionscnaimh
    • (ii) éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe níos mó ná €45,000.00 ar dháta eisiúna an bhille shibhialta
      Táille: €130.00
      Doiciméad : An doiciméad tionscnaimh
  • 3. Ar gach cosaint a chomhdú
    Táille: €15.00
    Doiciméad : An doiciméad a comhdaíodh
  • 4. Ar gach frithéileamh nó fritháireamh a chomhdú
    Táille: €15.00
    Doiciméad : An doiciméad a comhdaíodh
  • 5. Ar gach fógra slánaíochta nó ranníoca i gcás sibhialta
    Táille: €15.00
    Doiciméad : An doiciméad a comhdaíodh
  • 6. Ar gach –
    • (i) Fógra foriarratais a thaifeadadh, seachas fógra foriarratais tionscnaimh
    • (Ii) Iarratas ex parte, seachas iarratas ex parte tionscnaimh
    Táille: €60.00
    Doiciméad : An fógra bunaidh nó an duillín ex parte
  • 7. Ar gach fógra trialach
    Táille: €120.00
    Doiciméad : An fógra
  • 8. Ar gach toghairm fhinné
    Táille: €15.00
    Doiciméad : An ceanglas maidir le heisiúint nó toghairm
  • 9. Ar gach breithiúnas mainneachtana a thaifeadfar san oifig (lena n-áirítear mionnscríbhinn féich, deimhniú gan láithreas, cosaint agus iarraidh ar ordú forghníomhaithe)
    Táille: €120.00
    Doiciméad : An t-iarrratas ar bhreithiúnas

Cuid 3 - Imeachtaí faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 2011 agus Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 2008

  • Ar gach iarratas ar dhearbhú faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin
    Táille: €330.00
    Doiciméad atá le stampáil: An fógra
  • Ar gach iarratas ar dheimhniú de dhroim dearbhú faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin
    Táille: €330.00
    Doiciméad atá le stampáil: An fógra
  • Ar gach iarratas ar dheimhniú (seachas iarratas de dhroim dearbhaithe) faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin
    Táille: €330.00
    Doiciméad atá le stampáil: An fógra
  • Ar gach iarratas ar dhearbhú faoi Achtanna Clárú na gClubanna
    Táille: €330.00
    Doiciméad atá le stampáil: An fógra

Cuid de

Eolas eagraíochta